School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bán ag dul ar chúl an chupóig agus go raibh an choipóig ag dul go dtí an domhan thoir le faithchios. Bhí dhá bháire aige uirthí agus ní raibh aice air ach aon bháire amháin. Sin é an uair a stug sí Ridire an Ghaisgidhigh mar ainm air. Ar bheatha tú aon ghaisgidheacht ariamh chomh maith liom ar seisiam "nior beathas" ar sise ach má chastar glúin dubh ins an domhan thoir leath ní abróchfainn nach bhfuil se go maith leat. Chuaidh sé abhaile go dtí a mháthair agus a athair. Rug sí greim bárr dá láimh air fhluich sí le deóra é agus is beag nár mhúc sí le póga é agus thrioma sí le na gruaig a cínn agus le na síoda mín agus garbh é. Chaith siad trían de'n oidhche le fiannaidheacht agus trían de'n oidhche le sgéalta agus trían de'n ag caitheamh biad: Bhí cupán meala ar chuile greim agus gan greim ar bith tor go maidin lá na bhárach. Nuair a bhí píosa de'n lá ann dubhairt sé go rachadh sé ag fiadhach. Thug sé leis sean ghuna gus glaoidh sé ar shean cú nar chorruigh as an luaidh le leath-chéad bliadhan. Níor chaith sé aon urchar an lá sin. Tháinic sé abhaile agus shuidh sé ar an gcathaoir agus chuir sé osna as gur bhris sé an gabhail éadain a bfuidhe uaidh ar an teach.(continues on next page)
- Collector
- Pádhraig Ó Bhailís
- Gender
- Male
- Address
- Old Church Street, Co. Galway