School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó is fadó a bhí. Dá mbeinn se an t-am sin ann ní beinn anois ann nó dá mbeinn bheadh sgéal nua nó sean sgéal agam nó bheinn gan aon sgéal. Bhí righ i nÉirinn fadó agus rugadh mac dhó. Chuir sé síos i núin thalamhana é ag bainliath dhá oileamhaint ins an áit nach bhfaca se gaoith na grían. Nuair a bhí sé seacht mbliadhna d'aois thug an bainliath suas ar an mbruach é agus thug sí comán óir dhó agus comán airgid dhí féin. Chaith sí an liathróid amach i lár na páirce agus bhí siad ag bualach nó go raibh deamhan agus deireadh an laé ag teacht, go raibh an gearán bán ag dul ar chúl an chupóig agus go raibh an chupóig ag dul go dtí an domhan thoir le faithchios. Bhí dhá bháire aice air agus ní raibh aige uirthí ach aon bháire amháin. Leag sí isteach i mbínn a cóta e agus cuir sí insan úin é. Nuair a bhí se cheithre bliadhna déag thug sí iníos arís e agus thí sí comán óir dí féin agus comán airgid dhó san. Bhí siad ag bualadh nó go raibh deamhan agus deireadh an laé ag teacht go raibh an gearán(continues on next page)
- Collector
- Pádhraig Ó Bhailís
- Gender
- Male
- Address
- Old Church Street, Co. Galway