School: Naomh Breandán, Gaillimh

Location:
Galway, Co. Galway
Teacher:
T. Mac Eochaidh

Filter stories

Back
/ 0267 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0184

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí feilméar ann fadó agus bhí trí mhach aige. Nuair a bhí sé ag fághail bháis thug sé speal de'n chéad mhac agus thug sé cat de'n dárna mac agus thug sé coileach de'n tríomhadh mach. Thug an chéad mhac an speal leis agus cáirín asail nó go dtáinic sé chomh fada le daoine a bhí ag tarraint féir le na lámha. Bhí an tír sin an - taidhbhir ach ní raibh aon speal acha leis an bhféar a bhainnt. Thosuigh an fear ag baint leis an speal agus ní fada go raibh an féar baint aige. Nuair a chonnaic na daoine an speal cheanuigh siad an speal uaidh ar lán cairín asail d'airgead. Chuaidh sé abhaile agus d'innis sé an sgéal de'n bheirt eile. BHailigh an dárna mac leis nó go dtáinic sé chom fada le teach a raibh na míllte lochain istigh ann. Sgaoil sé amach an cat agus ní raibh siad i bhfad ann agus dhíol se an cat leó ar lán cairnín asail d'airgead. Chuaidh sé abhaile agus dinnis sé an sgéal de'n tríomhadh mac agus bhailigh seisean leis freisin. Nuiar a tháinic sé go dtí an tír sin bhí siad i na gcodladh agus

(continues on next page)
Collector
Pádraig Ó Bhailís
Gender
male
Address
Old Church Street, Co. Galway
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Address
Old Church Street, Co. Galway
Language
Irish