Bhí trúir chailíní i na gcomhnaidhe i dteach beag thiar an domhan thiar fadó. Bhíodh fathach ag goid gabáiste uatha agus chuaidh ceann aca amach an oidhche seo agus nuair a tháinic an fathach thug sé leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag dul amach thug sé cead dí dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Nuair a bhí sé bailighthe leis chuaidh se isteach ins an seomra ach nuair a thainic sé amach bhí a lámha lan le fuil. Nuiar a tháinic an fathach isteach mharbhuigh se í agus bhailigh sé leis siar go dtí an domhain thiar. Ní raibh sé i bhfad ins an ngáirdín nuair a tháinic ceann eile amach agus thug sé leis í go dtí an domhan thoir. Nuair a bhí sé ag sul amach dubhairt sé léithe dul isteach i ngach seomra ach i gceann amháin. Nuair a bhí sé imthighthe chuaidh sí isteach i ngach seomra agus nuair a tháinic sí amach bhí a cuid lámha lán le fuil. Nuair a tháinic an fathach isteach mharbhuigh sé í agus rith sé leis go dtí an domhan thiar. Nuair a bhí sé tamall annsin tháinic ceann eile
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »