Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Galway, Co. Galway
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach aon duine aca go mba leis fhéin an ceann beo agus chuadar i ndlighe faoi. Do chaith siad gach pinginn dá gcuid airgid le dlighe agus níos shocrú go deo é go dtí go ndeacha sé chuig an árd Cúirt i mBlá Cliath agus níor shocrú annsin é ach an oiread. Dubhairt an breitheamh nach raibh sé i ndan é a shocrú ach an oiread agus go gcaithfidís dul abhaile arís chuig sagart a'Paráisde. Dubhairt seiseann an rud a b'fearr dóibh a dhéanamh siubhal amach ar an mbóthar agus an céad fhear a chasfaidhe ortha iarr air an cás a shocrú. Thárla go raibh fear seafóideach san áit agus thugaidís "Sgabhóg" mar leas ainm air. Amach leis an triúr fear maidin lá ar na bhárach agus an céad fhear a chonaic siad a' thigheacht i mbéal an bhóthar ach Sgabhóg. "Anois", arsa fear aca, céard a dhéanfas muid, an bhfeiceann tú an fearr atá ag tigheacht". Dubhairt an sagart nach bhféadfadh siad filleadh ar ais agus go gcaithfidís an sgéal a inseacht dó. Mhínigh siad an sgéal a innseacht dó agus dubhairt sé go mbeadh sé i ndan é a(leanann ar an chéad leathanach eile)