Bhí fear ann fadó agus bhí sé i na chomhnuidhe i dteach beag é féin agus a mháthair. Bhíodh siad ag sníomh bréidín agus dhá dhíol. An lá seo bhí a mháthair tinn agus chuaidh sé féin dhá dhíol. An chéad fhear a bhuail air dubhairt sé leis go raibh an bréidín fluich "is fios dhuit" adeir an t-amadán agus chuaidh sé suas agus sgar sé ar an talamh é. Faoi cheann uair' a chluig chuaidh sé suas ach ní ghaca se an bréidín. Shíl sé gur imthighthe síos ins an talamh a bhí sé agus thosuigh sé ag cortú. Ní raibh sé i bhfad mar sin nó go bhfuair sé pota óir agus thug sé leis é. Thug sé dá mháthair e agus bhailigh leis arís go dtí an áit a bhfuair sé an t-ór. Chonnaic sé fear eile san áit céadna rith sé agus bhuail sé ar chlár na báise é agus do mharbh sé é. Thug sé abhaile é agus chuir sé san urlár é. Chuaidh sé amach agus d'innis an sgéal do na gárdaí. Nuair a bhí sé imthighthe d'éirigh a mháthair agus sí dhá
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »