School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An rath agus an droch rath
Chualaidh mé na daoine ag rádh nach bfhuil sé adhmhail bheidh ag araist ar duine ar bith a bfhuil aon rud air mar duine bacach nó cláríneach nó duine ar bith mar sin. Seo sgéal a chualaidh mé faoi bhuachaill a bhíodh ag araist ar fear a bhí bacach agus duine eile a bhí ina chláríneach
Seo é an sgéal a chualaidh mé. Bhí buachaill óg ann uair amháin agus bhí a mathair ag déanamh maistreadh lá amháin agus chuir sé [!] an bhuachaill seo go dtí an tobar i gcoinne canna uisge a thabhairt isteach chuici leis an im a nigheadh.
D'imthigh an bhuachaill leis agus bhí sé ag araist ar an mbacach ar feadh an bhealaigh. Nuair shroic sé an tobar chrom sé síos agus líon sé an canna agus d'imthigh sé leis abhaile aríst. Nuair bhí cúpla slat curtha dhe aige d'eirigh sé bacach. Chuaidh sé cúpla slat eile agus thuit sé ina cláríneach agus b'éigean dó luighe síos annsin. Chuaidh an mháthair amach annsin(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Fearchair
- Gender
- Male
- Address
- Russelstown, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Fearchair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Russelstown, Co. Galway