Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Milltown, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0141
  3. XML “An Feairín Beag Gorm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Feairín beag gorm
    Bhí sean ghabha fadó ann agus ní raibh aige acht aon mhac amháin agus bhí an mac sin fhéin i n-a leath-amadán. Bhí sé mí-stuamdha ciotach in gach uile cinéal slighe. Chaith sé seacht mbliadhna ag dul annseo agus annsiúd ag fóghluim a cheirde. Bhí sé beagnach chomh dall an lá deiridh is bhí sé an chéad lá acht amháin go raibh sé go han-mhaith agus deaslámhach ag déanadh agus ag deasughadh céachta.
    Thug an sean-ghabha comhairle dhó annsin ag fághail bháis dó gan aon obair ceardchan a ghlacadh idir lamhaibh acht céachtaí agus go ndéanfadh sé cúis maith go leor. Níor ghlac. Bhí sé ag dul ar aghaidh go deas agus fuair sé bean agus spré acht nach bean óg na bean slachtmhar na spré mhór a fuair sé.
    Aon lá amháin chonnaic sé ag tigheacht aige anoir an bóthar feairín beag gorm ag marcaigheacht ar chapall beag bán. D'isligh an feairín beag gorm ag doras na ceardchan agus d'fhiafruigh sé de'n gabha an gcuirfeadh sé crudh ar a chapall dó. "Ní fhéadainn", ars' an gabha, "níl mé í n-ion tada a dheánamh acht ceachtanna". Tharraing an feairín beag an capall isteach sa gceardchain. Rug sé ar tuagh agus le aon buille amháin ghearr sé an chos de'n chapall. Sháith sé síos an chos agus píosa beag iarainn sa teine agus le cúpla buille casúir ní fhacaidh tú ariamh acht an crudh deas a bhí curtha ar an gcois aige. Sháith sé faoi'n gcapall an chos agus amach leis an gcapall chomh slán is bhí sé ariamh is an feairín ar a mhuin. "Dar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. O Díscín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micheál Halliday
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dalgin, Co. Galway