School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0135
  3. XML “Síbíní agus Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuala mé faoí go leór daoine a bhí ar meisge agus ní raibh siad i n-an dul abhaile. Bhí fear an aon uair amháin agus aon oidhche amháin chuaidh sé ar meisge. Bhí sé ar meisge amach sa 'mach agus ní raibh sé i n-an dul abhaile. Bhí rothar aige freisin. Fá dhéire is fá dheoidh b'éigean do'n fhear dul abhaile. Cheap sé go raibh sé i n-an dul ar an rothar ach ní raibh sé.
    Léim sé suas air agus isteach leis go dtí póll mór uisge a bhí le taoibh an bhóthair agus an rothar leis. Ní raibh an fear a n-an aon rud a dhéanamh annsin. Ach céard a thárla do ach thuit sé i n-a chodladh ar an uisge agus é in-a shuidhe ar an róthar.
    Bhí go maith agus ar maidin bhí a dhaoine féin ag tóruigheacht an fir bhoicht agus cá bhfághadh siad é ach shíos 'san bpóll agus é fliuch go maith. Chuaidh sé abhaile agus bhí sé in a leabaidh go ceann mí nó mar sin. Sin e an rud a thiocfas ar daoine a beas ar meisge.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostór Ó Gruagáin
    Gender
    Male
    Informant
    Tomás Ó Brían
    Gender
    Male
    Address
    Ardnagall, Co. Galway