School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0125
  3. XML “Luibheanna agus Plandaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cuid mhaith planndaí agus luibheanna a bhfuil leigheas ionnta lé h-aghaidh galraí áithridhe. Leigheas an-mhaith do phian sa mbolg iseadh an buachaill tighe. Bhruightear é agus cuirtear é ag bruith lé leamhnacht. Annsin óltar é agus imtheóchaidh an pian.
    Tá na neanntóga Márta an-fholláin do'n fhuil nuair a bhruithtear iad í n-uisge agus nuair a óltar an t-anbhruith. Dá mbeadh duine ag imtheacht as nó a shláinte ag cliseadh, 'faghadh duine cúpla reilleóg agus bruitheadh sé iad. Annsin óladh an duine tinn an t-anbhruith mar leigheas agus tiocfaidh biseach air.
    Nuair a bhíos gearradh ar láimh nó ar cois dhuine cuireann sé macaire - chompana air agus ní fhágann an luibh sin an gearradh go bhfásann craiceann na láimhe thar an ngearradh arís. Luibh an-mhaith do at iseadh an flith. Cuirtrear ar an teine agus théightear é. Annsin cuirtear leis an at é agus imthigheann an gat. Úsáidtear an flith go mór mar leigheas ar an leicneach.
    Leigheas an-mhaith do'n graibhéal iseadh an briméar. Nightear agus bhruithtear é agus óltar an t-anbhruith go mbíonn an graibhéal imthighthe. Tá luibheanna ann freisin a innsigheann do dhuine cé'n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
      2. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Ní Coisdealbha
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female