School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0121
  3. XML “An Rath agus an Drochrath”
  4. XML “Sochraid Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sochraid Sí 10.06.1938
    Tá beirt fhear ina chonaí in aice liomsa agus do chonaic siad sochraid sí agus aon oíche amháin nuair a bhí duine acu ar cuairt i mo theach d’inis sé an scéal dom ar fad mar do tharla. Do fuair fear bás a bhí ina chompánach mhór don bheirt fhear seo agus dúirt siad lena chéile go rachadh siad go dtí an tórramh. Do chuaigh siad ann agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile ar an mharbh na hoíche do chonaic siad rud éigean a chuir faitíos an mhór ar an mbeirt. Do bhí go leor carráistí móra ag teacht acu anoir an bóthar agus capall deas bán faoi gach cheann acu. Bhí feairín beag deas ag thiomáint gach capaill acu agus lasc mhór ina láimh ag gach ceann acu agus é ag tabhairt buille don chapall agus d’fhéadfadh an buille a chloisteáil míle ón áit.
    Do bhí cnoc beag píosa ón áit agus reilig ann agus geata mór déanta de iarann ag dul isteach ann. Do chuaigh gach ceann do na carráistí thríd an ngeata agus é dúnta agus isteach go dtí an reilig agus tháinig gach ceann den na síoga amach as na carráistí agus thosaigh siad ag gol ós comhair aon uaigh amháin a bhí in san reilig.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic O Caolaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Tomás Mach Phaodhraic
    Gender
    Male
    Address
    Milltown, Co. Galway