School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0111
  3. XML “Scéal faoi Thaibhse”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeal faoi thaidhbhise
    Bhí fear ann aon uair amháin d'arbh ainm Peadar Ó Muláin. Rinne sé teach nuadh agus an fear a rinne an teach dó níor thug sé aon airgead dó agus fuair sé bás gan an tairgead a thabhairt do'n fhear. Bhí aon mhac amháin ag an bhfear agus lá amháin nuair a bhí an mac ag obair amuigh sa'n ngort chonnaic sé a athair ina sheasamh ó's a chomhar agus thuit an mac i lagair ar an talamh.
    Nuair a tháinig sé chuige fhéin chuaidh sé isteach go dtí a theach agus d'innis sé dá mháthair go bhfaca sé a athair. Dubhairt a mháthair leis nuair a d'fheiceadh sé a athair arist fiafruighe dé céard do bhí ag teastáil uaidh. Lá éile agus é ag féachaint ar na caoirig chonnaic sé a athair aríst agus thuit an mhac i lagair aríst.
    D'iarr sé ar cúpla buacaillí annsin dul leis agus nuair a d'fheicfeadh sé a athair íarraid air céard do bhí ag taistáil uaidh. Cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a bhí na buachaillí leis chonnaic sé an tathair agus d'iarr síad ar an raibh rud ar bith ag taistéal uaidh. Dubhairt sé beobhfa [!] go raibh airgead aige lé thabhairt do'n fhear a rinne an teach dó agus é a thabhairt dó. D'imtigh sé ar an nómat sin agus ní fhaca an mac aríst é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Catháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Pollaturick, Co. Galway