School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0104

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0104
  3. XML “Fathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fathach
    Bhí fear i n-a chomhnuidhe i nDealgain fadó agus bhí mac an-láidir aca agus aon lá amháin d'imthigh sé agus ní raibh a fhios ag an athair ná an mháthair cá raibh sé imhthighthe agus níor sgriobh sé chuca.
    Tar éis tamaill an-fhada do tháinic sé abhaile agus bhí sé comh mór agus comh láidir le fatach. Do bhí sé ag iarraidh ar daoine é a throid ach ní throidfeadh aon duine é. Níor aithnigh an athair é agus do thug sé dubhslán dá mhac.
    Ag droichead Dealgan do throid síad agus d'aithnigh an mac an tathair agus nuair a tháinic síad le chéile ag troid ní raibh an mac ag troid ar a dhicheall i n-agaidh an athar ach ag tabhairt aire dhó fhéin ionnus nach raibh an tathair i n-an buille air. Ach cebí cé'n bhealach a b'fhuair an tathair seans air do mharbhuigh sé é. Nuair a bhí an mac marbh d'inni[s] máthair an fhathaigh d'on athair gurbh é a mhac féin a mharbuigh sé. "Anois" ars' an tathair "ó thárla go b'fhuil gaisg amháin déanta agam tá sé im'intinn an ghaisg eile a dhéanamh - thú fhéin a mharbhugadh nuair nár innis tú dhom gurbh é sin mo mhac. Chomh fhad is tá crann ag fás i nDealgain fágaim mo mhallacht ann" ars athair an fhathaigh "nuair nár innis na daoine dhom gurbh é sin mo mhac". Tá cloch ar an Droicead ag taisbáint gur marbuigheadh duine annsin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. giants (~518)
    Language
    Irish
    Collector
    Pilib Ó hAodha
    Gender
    Male
    Informant
    Liam Ó hAodha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male