School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha cinéal bidh a bhíodh ag na daoine í n-Éirinn 'san tsean-aimsir. Biadh an-deas a bhíodh aca - an cáca fataí. Sí an chaoi a ndéantaí é - fataí a bhruith agus a sheitheadh agus cúpla dorn plúr a fuinnt thriotha. Uaireannta cuireadh siad cnap maith ime faoi'n gcáca le crústa deas a chur air.Biadh eile a ndéantaoi as na fataí - an bacstai agus ba bhiadh an-deas a bhí ann. Seo í an chaoi a ndéantaoi é.
Bhí gléas mheilte ag gach teach (scraper) agus mheileadh siad na fataí i n-a mhin. Annsin chuireadh siad an mhin í stiall de lín-éadaigh ghlan agus bhrúi[th]eadh siad an t-uisge asta, agus go maith. Annsin d'fhuineadh siad fataí bruithte agus plúr leófa agus bhácálach siad 'san ngreidéal é agus cnap ime faoi. Annsin bhíodh an bhacstai réidh.
Déantaoi chuid mhaith biadhanna as an gcoirce freisin. Cineál amháin a bhíodh aca(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Maréad Ní Coisdealbha
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female