School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0073
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Chuaidh amadán go dtí an Baile Mór lá amháin agus chuaidh sé isteach í siopa.

    Chuaidh amadán go dtí an Baile Mór lá amháin agus chuaidh sé isteach í siopa. Chonnaic sé porter jar ar an bhfuinneóg agus d'iarr sé ar an siopadóir céard a bhí ann agus dubhairt an siopadóir gur ubh capaill a bhí ann "agus má chuireann tú an ubh sin faoi cearc go cean seachtmhaine gheobaidh tú capall rasa as", ar seisean, ag magadh.
    Ceannuigh an fear an ubh capaill agus nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí sé an tuirseach agus shuidh sé síos ar bharr cnuic. Thosuigh an ubh ag ríalail síos an cnoc agus bhuail sé in-aghaidh cloch é agus bhí girrfiadh in-a luighe inaice leis an gcloich agus d'éirigh sé agus chonnaic an fear é agus thosuig sé ag caint mar seo "ó th'anam o'n diabhail féach amach an capall rasá! ara nuair a bheas sí sin ina capall mór ní bheidh capall sa domhan indon theacht suas leis". Cheap an fear go mba capall rása a bhí ann nuair a d'eirigh an girrfiadh amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Míceal Mac Giolla Phádhraig
    Gender
    Male
    Informant
    Péadair Mac Giolla Phádhraig
    Gender
    Male