School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ce agus sáithtear trí coinnealachaí féogaí lasta ann. Annsin fágtar gloine atá nío[s] mó ná an cháca ós a chionn sin. Leagtar é annsin 'san gcliabhrach, ar an áit a bhfuil an chléithín.
Gheibheann daoine an leicneach nuair a bhíonn siad óg. Sé an leigheas atá ar sin, flith a théigheadh agus í a chur leis an leiceann. Má bhíonn tinneas 'san ae ag duine ar bith chuireann siad bruiméar agus uisge ar an teine agus nuair a bhíonn siad bruithte, ólann sé an t-anbhruith.
Nuair a bhíonn duine ag éirighe tanaidhe agus lag, téigheann duine go dtí an portach agus gheibheann sé cúpla reilleóg agus bruitheann sé iad. Annsin ólann an duine lag an t-anbhruith agus 'sgearr go mbíonn sé láidir arís. Ma bhíonn tinneas fola ar duine ólann sé trí deochanna de anbhruith neantóg Márta agus deireann go leór daoine gur leigheas maith é sin do dhuine ar bith.- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Gender
- Female