School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0064
  3. XML “Scéal faoi Shionnach, Mada, Cat agus Easóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    easógaibh beaga ann. Níor chorruig sí iad ach d'fhág sí an méid fataí a bhí thart ortha gan iompódh. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, Nuair a bhí na h-easóga sáthach láidir le n-imtheacht tháinic an easóg mhór, agus máilin airgid thart ar a mhuinéal, chuig an mbean.
    Thug sé di é agus do ghlan leis annsin. Tá sé ráidhte freisin dá mbuaileadh aon duine an easóg go mbaineadh sé sásamh as agus go maith. Seo sgéal faoi críonnacht an tsionnaigh. Bhí sionnach ann uair amhái[n] agus bhí sé ag spaisteóireacht thart faoi dhorchadas na h-oidhche ag lorg rud eicínt lé n-ithe. Tháinic sé go dt[í] teach a raibh clíath na gearc go díreach ós cionn an dorais.
    Bhris sé isteach ann agus bhí féasta mór aige ag ithe na gcearc go dtí gur thuit sé isteach ins an teach. 'Séard a rinne sé annsin a leigint air go raibh sé marbh. Nuair a tháinic an mhaidin agus nuair a tháinic fear an tighe anuas fuair sé [ ] píce agus chaith sé an sionnach amach an doras mar cheap sé go raibh sé marbh ach a mhaisge fhéin ní raibh.
    As go bráth leis an sionnach agus bhí brón mór ar an bhfear, agus fearg freisin nuair a chonnaic sé an díoghbháil a bhí déanta ag an sionnach ar a chuid cearcaibh, acht ní raibh aon-mhaith dhó ann. Seo sgéal eile faoi cat a bhí san gCeathramhain uair. An bhó a bhí san teach i n-a raibh sé - cailleadh í
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
        1. foxes (~151)
    Folktales index
    AT0001: The Theft of Fish
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Ní Coisdealbha
    Gender
    Female