Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Milltown, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Leathanach 0062
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bail Thaidhg ort
'Se maol na mugall folamh chuige é
Rachamuid amach go fóill más fuar fliuch an lá agus ar ais ní thiocfamuidDheamhan focal bréige sa bhfírinne
mara raibh sé ar sgoil [Casadh ] leis na sgoláirí
Is maith is ionann --
Is maith in-a chéile iad --
Is fad ó na chéile iad --Is iomdha lá ta romhainn amach
(le duine a bhiadh ag iarraidh críoch a dhéanamh agus go leor le deanamh)Is iomdha lá i mbliadhain is fiche.
A's níl lá aca san nach dtiocfaidhIs beag an rud a shalóchadh bríste
Is shalóchadh cac é ar fheabhas na tíre
Ag feadaighil is ag ruagadh cearc
Ag séideadh is ag ithe mine
Faobhar a bhaineas féar
Fear maith agus speal géar.P. ODíscín O.S.
S.N. Baile an Mhuilinn
Co Na Gaillimhe
Thart orm agus mé ag eirghe suas chualaidh mé na cinn sin agus go léor leor de cheannaibh eile ata coitcheannta in gach áit sa tír.- Bailitheoir
- P. O Díscín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)