School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an Paráiste i n-a bhfuil mise in mo chomhnuidhe tá tobar beannuighthe ann í mbaile a dtugtar Damhras air.Tá sé tuairm is dachad slat ó'n (?) mbóthar - idir é agus abhainn Dhamhrais agus níl claidh nó sgeach ná aon rud eile dhá chosaint ach tá cloch (?) mór amháin i n-aice leis. Tobairín Pádhraic a dtugtar ar an tobar mar tá sé ráidhte gur ghabh Naomh Pádhraic an bhealach sin nuair a bhí sé ag taisteal na tíre seo agus gur tháinic tart air í nDamhras agus gur shiubhal sé thart go bhfuair (?) sé an tobar sin.Fuair sé deoch annsin mar tá rian a dhá ghlúin agus a dhá láimh lé feiceál go fóill ar an gcloich nuair a dísligh sé ar a ghlunaibh leis an deoch a fhághail. Deirtear go raibh sé ag guidhe ann freisin mar tá rian a dhá ghlúin lé feicéal go soiléir ar an leic mhóir. Tá an tobar go h-an salach le billeógaí agus féalaí (?) glas mar níor glanadh leis na ciantaibh é. Níor tugadh uisge ó'n tobar ariamh le h-aghaidh úsáid an tighe ná eile agus níor chuala mé ariamh gur thum aoinne é fhéin ann.Tagann daoine ar thuras ann na trí Domhnaigh deiridh de Mí Iúl. Domhnach a' Tobair a tugtar ar an(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Address
- Clashaganny, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female