School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0035
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuighthe agus níl sé i bhfad ó'n áit i n-a bhfuil mise in mo chomhnuidhe. I nDamhras atá sé agus Tobar Phádhraig a tugtar air. Ní fhaca mise ariamh é cé go bhfuil sé i ngar dhom. Deirtear go raibh Naomh Pádraig ag dul treasna ná páirce sin agus go ndeachaidh sé ar a ghlúnaibh agus gur dhubhairt sé a phaidreacha ann agus tá lorg a ghlúnaí annsin go fóill. Tá cloch mór le h-ais an tobar agus tá poll ins an gcloich agus deirtear gur chur Naomh Pádhraig na soithigh beannuighthe i dtaisge annsin.
    Théigheadh go leór daoine ag an tobar fadó an tam a dtéigheann na daoine go Cruach Pádraig. Deirtear fresin gur leigheasadh cuid maith daoine annsin. Chuimligheadh na daoine an tuisge díob fhéin. Chuala mé faoi bean agus bhí sgoilteacha uirri ach chuaidh sí go Tobar Phádraig agus chuimil sí an tuisge dí féin agus ó'n lá sin amach bhí a sláinte go maith aici.
    Chuala mé faoi tobar beannuighthe a bhí sa Mainistir Cnoc Máigh agus Tobar Breandán a tugtar air. Tá sé ar bhár chnuic agus théigheadh na daoine go dtí an tobar sin ón gceanntar seo fadó. Bhí an tobar seo i bhfeilm mór ach roinneadh an talmhan agus b'eigin do na daoine dul thar claidhtheachaibh agus thosuigh duine ag duine ag díol an tuisge beannuighthe agus stop na daoine ag dul ann in-a-dhiaidh sin. Bhéaread síád an tuisge beannuighthe abhaile leobhtha agus thugheadh síad thart timcheall an tobair ag rádh a bpaidreacha.
    M'athair Liam Ó h-Aodha a d'innis.
    Pilib Ó h-Aodha do sgríobh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Pilib Ó hAodha
    Gender
    Male
    Informant
    Liam Ó hAodha
    Gender
    Male