School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0030
- XML “Tiarnaí Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)baineadh an chrathadh as an gcomhluadar a bhí 'san gcóiste. Tháinic fearg ar an tighearna (fearg gan ádhbhar) agus thug sé an tordú seo do'n bháille 'gan cloch nó maide fhágáil i n-a sheasamh 'san mbaile sin roimh dul faoi do'n ghréin lá ar n-a bhárach.'Leagadh an bhaile agus ruaigeadh (?) na daoine go dtí portach Baile na Mónadh. Cuireadh tighthe ar bun dóibh annsin ach chuir an tighearna, coill, ós a gcomhair amach gan solus na gréine a leigint isteach aca. Is amhlaidh a shíl sé iad a múchadh agus a báitheadh.Cuireadh mo shean-athair mór amach ar an tsráid agus é ceithre sgór bliadhanta d'aois. Dubhairt duine eicínt annsin é leigint isteach ar feadh n-a h-oidhche agus nuair a (?) fuair sé fhéin istigh d'fhan sé istigh agus níor cuireadh amach arís é. Maoir a bhí ann do'n Bhóidicíneach agus bhí saoghal cruaidh aige.Théigheadh na daoine go dtí an tighearna leis an obair a dhéanamh dhó: (?) sé an páighe a gheobfadh siad - ceithre pighne 'san lá. (?) Bhí báillí aige freisin - chruinneóchadh an chíos agus ní túisge a bheadh beithidhigh díolta ag duine nach mbeadh an báillí chuige agus chaithfeadh sé cuid do'n airgead a fhágháil.Maitiú mór a tugtaoí ar an mbáille a bhí ag obair do'n Bhóidícineach agus fear(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Address
- Clashaganny, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female