School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0029
  3. XML “Tiarnaí Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bliadhanta ó shoin bhí saghas daoine í n-Éirinn a dtugtaoi tighearnaí talmhan ortha. Bhí an dream seo ag cabhrú lé Shasana agus thug siad an-chéasadh do na daoinibh bochta. Bhí tighearna ins an mbaile seo a gu bhí teach comhnuidthe aige í gCill Chlúnaidh agus tá an "teach mór" ann go dtí an lá seo ach geallaim-se dhuit nach bhfuil tuairisg ar chlann an tighearna ann anois.
    Bóidicín a b'ainm dó agus is fear gan truagh gan taise a bhí ann. Bhí ceathrar mac agus triúr inghean aige. Bhí na mic chomh dona leis fhéin ach sílim go ndeachaidh beirt de na cailíní ins an gclochar. Tá sgéaltaí lé n-innseacht faoi imtheachtaí dona an Bhóidcíneach. Seo ceann aca.

    Aon lá amháin thárla do'n Bhóidcíneach a bheith ag dul amach ins an gcóiste i n-éinfheacht lé n-a bhean agus daoine móra eile. Bhí sé ag dul thar an áit a raibh sean-bhaile na Ceathramhan ann an uair sin. Nuair a bhí sé ag dul thart séideadh chuid de lóchan treasna an bhóthair agus sgannruigh sé na caiple a bhí faoi'n gcóiste.
    Fear a bhí ag cáthaimh coirce 'san mbaile agus séid an ghaoth an lóchán ós comhair an chóiste agus gheith na caiple agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Address
    Clashaganny, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Coisdealbha
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female