School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0026
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Seo scéal faoí crocáinín beag a bhfuil poll beag ann...

    Seo sgéal faoí crocáinín beag a bhfuil poll beag ann tuairi[m] troigh o'n talamh. Deirtear go bhfaca go leór daoine éan bán ag teacht agus luigheann sé ar an gcnoc agus nuair a rúaigtea[r] é téigheann sé isteach ins an bpoll agus bhí sé ag teacht ann ar feadh bliadhanta.
    Tá sé ráidhte go bhfuil sé ann go fóill agus tá sgeach iongantach in gar do'n cnoc agus tugtar sgeach Anne air. Ach ar chum ar bith bhí ar an bhfeilméar fataí a chur ins an bpái[rc] agus b'éigin dó an cnoc a leagan agus leag sé é agus d'eiteal[l?] an téan ban amach.
    Ach mar sin fhéin thosuigh sé ag treabhadh na 'páirce agus bhí láir agus bromach ag treabhadh aige agus bhí searach aige freisin agus maidin lá ar na mharach tar éis na páirce a treabhadh thuit an láir tinn agus fuair sí bás agu[s] thuit an bromach tinn annsin.
    Dubhairt duine dá comharsanaibh leis an cnoc a déanamh suas arís agus go bhfuigheadh an bromach biseach arís, rinne sé súas an cnoc agus bhí an bromach go maith arís. Níor bhac aon duine leis an gcnoc ariamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Fearchair
    Gender
    Male
    Address
    Russelstown, Co. Galway
    Informant
    Séan O Fearchair
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Russelstown, Co. Galway