School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé agus stad an torann. Shiubhal sé cúpla coiscéim eile agus thosuigh an slapaireacht arís. Annsin thuig sé nach rud saoghalta a bhí ann agus níor fhás an féar faoin'a chosa gur shroich sé doras a theach féin.
Bhí beirt óglach oidhche amháin ag dul thart lé clais na Spoince agus chualaidh siad gleó mór as an gclais agus splainncracha ag éirighe 'san aer. Coinnigheadh an torann suas uair, agus nuair a ghlaoidh an coileach stop se. Bhí iongnadh an Domhain ar an mbeirt Óglach agus faitchíos ortha freisin. Deireann gach duine go bhfuil rud eicínt ins an bpáirc sin mar ní fhéadfadh aoinne chomhnuidhe ins an teach atá ann (an sean-fothrach.Seo sgéal eile faoi.
Bhí fear ins an gcomhursanacht seo cúpla bliadhain ó shoin agus 'chuile uair dá dtéigheadh sé isteach ins an bpáirc seo, thuiteadh sé i n-a chodladh. Aon oidhche amháin chuaidh sé isteach ins an bpáirc seo ag bleaghan na mbó agus tugadh isteach ins an sean-fhothrach é agus thuit sé i n-a chodladh ann.
Fuair a mhuintir annsin é ag a ceathair a chlog 'san oidhche agus canna bainne lé n-a thaobh. Tugadh abhaile é annsin ach níor mhair sé í bhfad i n-a dhiaidh. Marbhuigheadh é(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female