School: Crois Bhóthar

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois Bhóthar
  2. XML Page 0256
  3. XML “Bia na Seanaimsire”
  4. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San droch-aimsir 'séard a bhíodh ag na daoine le n-ithe ná neanntóga measgtha tré min buidhe. Bhíodh fataí lobhtha ag na daoine bochta. Bhí bainne caorach is bainne gabhair aca agus mhair an cuid is mó aca ar an mbainne sin.
    Bhíodh bord i dteach amháin Oidhche Nodlag agus thagaidís go léir annsin agus bhíodh féasta mór aca.
    Ní bhíodh aon fheoil aca, acht corr-uair nuair a marbhuightí coileach ag duine de na comarsan thugadh píosa de do chomharsanaibh eile.
    Ní raibh aon ghréithre aca mar atá anois. Soitheach déanta d'ádhmad agus lámh ar a dhá thaobh de a bhí aca. "Noggin" a tugtaoi air.
    M'athair - Seán Ó Tnúthail a d'innis na rudaí seo dom.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Núthail
    Gender
    Female
    Address
    Cloonkeenbeg, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Tnúthail
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
  2. Ar na Féilí móra bhíodh cácaí déanta d'fhataí ag na daoine fadó, agus tae ar Oidhche Nodlag amháin.
    Bhíodh fatai ag na daoine ag gach béile. Bhíodh fatai agus sgadáin aca go minic -leath-phingin abhí ar sgadán. Bhí "bodach dubh" ar díol ar an margadh gach Satharn. Do bhíodh stirabout aca uaireannta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.