School: Crois Bhóthar

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois Bhóthar
  2. XML Page 0244
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bParóisde Cille Bheinín atá ceithre míle ar an taobh thuaidh de Thuaim tá dhá thobar beannuighthe - Tobar Bheinín, i mbaile beag Cille Bheinín, agus Tobar Gáráin i gCluain na gClasa.
    Tá Tobar Bheinín suidhte i bpáirc Muinntir' Uí Ghréacháin i gCill Beinín. Tugann daoine "turas" air gach Aoine is Domhnach ins na trí seachtmhaine deireadh i nIúl.
    Nuair a shroicheann duine Tobar Bheinín le turas a dhéanamh baineann sé a bhróga dhe ar dtús. Annsin téigheann sé ar a ghlúnaibh ós comhair na h-áite in a bhfuil bearnán san mballa atá thart timcheall an tobair. Deireann sé paidreacha ann agus annsin eirigheann sé is cruinnigheann sé seacht gclocha. Siubhlann sé go mall thart timcheall an tobair is é ag guidhe agus caitheann sé cloch uaidh gach uair. Teigheann sé thart seacht n-uair agus annsin bíonn na clocha go léir caithte uaidh aige. Ar a ghlúnaibh arís os comhair an tobair amach agus é ag guidhe, annsin gheibheann sé 3 clocha bheaga agus teigheann sé thart ar an tobar is é ag guidhe agus ag caitheamh cloiche uaidh gach uair. Nuair a bhíos sin déanta aige teigheann sé síos sa tobar, iompuigheann sé thíos ann trí uaire is é ag rádh "Fáilte an Aingil" fhaid is a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Cloonkeenbeg, Co. Galway