School: Crois Bhóthar

Location:
Pollacorragune, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0186

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois Bhóthar
  2. XML Page 0186
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Glaodhann lucht siubhail do mo theach ó am go h-am. Ní h-iad na daoine céadna a thagann i gcómhnuidhe. 'Siad na h-ainmneacha atá ar chuid aca ná:- Máirtín Dubh, Big Biddy (nach maireann) and Long Anne (deirbsiúratha), Barret, Mother Mangan, Sal Dal, Mrs Harlowe, Janeen.
    Díolann siad paidríní, cannaí, cupáin, fó-chupáin, agus eile. Iarrann Máirtín aon sórt oibre a fhághail nó cú a fhághail nó aon rud mar sin. Nuair a bhionn Sal Dal ag teacht 1/4 de mhíle ó'n teach nó mar sin bíonn sí ag sgreadaighil "gather up," "gather up." Sé an slighe bheatha atá ag Barret ná bheith in a sheasamh ar a cheann i lár na sráide agus ghá casadh féin ar an mbóthar. I gcuid de thighthibh bionn fáilte roimh cuid de na dreamanna. Gheibheann síad cúpla phinghin i dteach amháin, plúr, siúcre, nó tae i dteach eile. Bíonn cairt is capall aca ag dul ó áit go h-áit. Codhluigheann siad lé chéile i mboth agus sean-mhálaí is cótaí ortha. Bíonn trucail ag na daoine níos uaisle ná na tinncéirí agus gach dath ortha. Bíonn cuirtíní deasa ar na fuinnéogaibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Kilcreevanty, Co. Galway