School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0108
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tháinig sé inteach ar ghualnaibh daoine, is chuaidh sé amach mar shnáithín sioda.
Móin
Seanduine beag donn is a bothán ar a dhruim aige.
Seilmide.
Lán na páirce de bhuaidh bána is bó mhór dhearg eatortha istigh
Do chuid fiacal agus do teanga.
Rith mé agus fuair mé é,
Chuarduig mé act ní fuair mé é,
Dá bhfághainn é ní tiubhrainn liom é,
Ní fuair mé é agus thug mé liom é.
Dealg.
Rud beag dearg a bhí ag fás ar chrann,
Chonnaic beirt é,
Bain cúigear é,
Ceangal dháréag é,
Agus d'ith duine amháin é.
Ubhall
Droichead ar loc,
Gan maide gan cloc.
Ghiorránáin beag bobáilte.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway