School: Gort na Léime (roll number 13012)

Location:
Gortaleam, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Léime
  2. XML Page 0322
  3. XML “Seanscéalta”
  4. XML “An Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá amhain casad Oisin agus Naomh Padraigh le chéile. Dubhairt Naomh Padraig le Oisin, Cen sort aimsir a tugann bur ndia diobh a Oisin. Dubhairt Oisin mar seo, tugann ár ndia aimsir maith duinn. Earrach ceomar, Samhradh ríabhach, Foghmháir ngríanmhar, agus Geimhreadh ródhmhar. Go deimhín a Oisín, arsa Naomh Padraig, Is maith ata bhur ndia diobh "cébé caoi bhfuil ar ndia duinn" arsa Oisín tá muid go maith dá chéile
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. "An gobán saor"
    Bhí gobán saor ar leabaidh an báis. Bhí gobán go h-an mhaith ag deanamh caisleáin, agus bhí an mac ag fóghluim uaidhe. Ba mhaith leis an mac an t eolas deirid bheith aige sul má gheobfadh gobán saor bás. Nuair tháinic an mac abhaile oidhche amháin d'fhiafruighe gobán saor de raibh aon sgéal aige. "Níl aon sgéal agam, acht go bhfuil caisleán bhaile an chláir ag tuitim" ar seisean. "Ní chreidim sin" arsa gobán saor", mar nuair bhí mise agdeanamh an chaisleáin sin, chuir me caid ar chaid, agus caid os cionn caid, agus caid idir dhá chaid", agus nuair fheiceas tusa, an taol agbriseadh amach tríd an mballa sin é an uair a bheas an caisleán ag dainghniúghadh."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
        2. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Pléimeann
    Gender
    Male
    Address
    Woodfield, Co. Galway