School: Gort na Léime (roll number 13012)

Location:
Gortaleam, Co. Galway
Teacher:
Liam Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0037, Page 0313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort na Léime
  2. XML Page 0313
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mna óige agus muintear an fir óig ag coimhlint cé aca bhéadh ag teach an bainnse ar d-tús. Tá sé ráidhthe go raibh bainfhéis ar an mbaile seo uair amháin. Bhí coimhlint mar sin eathara agus chaith fear a drioshúr féin anuas den capall inaice leis an áit í bhfuil sgoil Gort-na-léime anois. Le súil go mbéadh seo indon an capall a chur ag rith níos mire agus go mbéadh sé féin ar an "tsráid" ar d-tús. Is minic a tharraing an coimhlint seo achrainn ag bainfhéis. Fado.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Aimsir na Géarleanamhna
    In aice mo cheanntar tá cláis beag í d-tugtar "Lag an Aifrinn" air. Bhíodh na daoine cruinn annseo agus an sagart ag rádh an aifreann naomhtha ann dóibh in aimsear na Géarleanamhna Lá amháin nuair a bhí an sagart ag críochnughadh an aifrinn. Chonnaic na daoine na saighdiúirí Gallda ag teacht. B'éigin dóibh imtheacht leo go h-obann agus leis an deifir a bhí ar an sagart rinne sé dearmad ar an clog beag an aifreann a tabhairt leis. Blianta ó sóin bhí fear darab ainm Séamus Ó Shlataire ag baint fataí inaice le Lag an Aifrinn agus fuair sé an chlóg beag sa gcréfóig. Chualaidh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraigh Phléamonn
    Gender
    Male
    Address
    Woodfield, Co. Galway
    Informant
    Miceál Ó Branain
    Gender
    Male
    Address
    Lisheennaheltia, Co. Galway