School: Garán (roll number 11721)
- Location:
- Garraun, Co. Galway
- Teachers: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Garán
- XML Page 0012
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bo mhór breac a'dul ag traigh, laogh in a diaidh ag[?] í gan dair. Soitheach a's gáll in a dhiaidh.
Donnchadh dhubh sa chluid, agus a mhéar go bun ina shúil. an croch
Sean duine bocht a's a mhaide faoi na ucht ina shuidhe ar charraig gan chloc a's é ag sileadh na ndeor go bocht. Teach cinn tuighe in a diaidh. cioth báistighe.
Tá bairrille amuigh annsin agus ce'n caoi a dhéanfadh tú eadtrom é. poll a chur air.
Níl sé amuigh , agus níl sé istigh acht tá sé fé dhíon an tighe. Fuinneóg
Bean mhór fada gléigeal agus crios dá taobh féin aici ponainn coirce
Ta gárdaí beag thiar annsin agus biréada beag orra Líon no síol
Caora dhubh agus lomra bán uirthi Greideal
Ceithre cosa in áirde, dhá chois ar talamh ceann an duine bheo imbéal an duine mairbh
Póta ar chlaigeann duine(continues on next page)