School: An Clochar, Uarán Mór

Location:
Oranmore, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín Ní Ghreallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0520

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0520

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Uarán Mór
  2. XML Page 0520
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dhá thobair ar an mbaile seo againne, agus tá dá bhóithrín ag dul suas chucha. Sé an t-ainm atá ar na bóithríní sin ná "Bóithrín na Cleithe" agus "Bóithrín na Móinín".
    Seo an fáth go nglaoidhtear na h-ainmneacha sin ortha:- Ins an am fadó ní raibh aon gheataí 'sa tír ná ní raibh fhios ag na daoine cé'n sort rudaí iad. 'Sé an chaoi a gcoinnigheadh siad na beithidhigh ar an ngort ná le bata mór bheith treas[na] an bhéarna. Bhí bata mór treasna an bhóithrín seo ag na sean-daoine fadó, agus 'sé an t-ainm a bhí air ná cleath, agus sin an fáth go nglaoidhtear "Bóithrín na Cleite" air ó Shoin i leith.
    "Sé a fath go nglaoidhtear "Bóithrín na Móinín" ar an mbóithrín eile ná go raibh portach ann fadó, agus baineadh móin ann, ach i ndiaidh a chéile ní raibh na daoine ag baint aon mhóin ann agus 'san áit a raibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish