School: An Clochar, Uarán Mór
- Location:
- Oranmore, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Ghreallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Uarán Mór
- XML Page 0518
- XML “Carn Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Baile sathach mór atá ann agus é suidhte cúig míle ó Gaillimh. 'Sé an fath go nglaoidhtear an t-ainm sin air, ná mar gheall ar an méid cairneán cloch atá thart timcheall an bhaile. Tá go leor daoine fíor-Gaedhealach(?) ann agus tá an-eolas acu faoi cúrsaí an t-saoghail fadó. Tá furmhór de na daoine saidbbhear agus tighthe sluinne(?) acu.Bhí clú agus cáil ag Cearnmhór(?) nuair a bhí an cogadh ar siubhal 'sa mbliadhain 1916-1922, mar bhí na daoine ag teiceadh ó na Sasanaigh.Tá baile beag ann ar a dtugtar "Baile na nGrialluise" mar gheall ar an méid Ghrialluise atá i n-a gcomhnuidhe ann. Sé an t-ainm is coitchiant 'san áit é.San am fadó marbhuigheadh píléar ag an gcrois-bhóthar agus rinneadh amhrán faoi. Tá an t-amhrán sin ar eolas ag na Sean-Daoine anois.