School: Órán Mór (B) (roll number 4506)
- Location:
- Oranmore, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó agus Máire Bean Uí Shuilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Órán Mór (B)
- XML Page 0344
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Aon lá amháin, bhí an maghdean Mhuire agus a Mac amuigh agus bhí siad ag gabháil an bhóthair...”
Aon lá amháin, bhí an Maighdean Mhuire agus a Mac amuigh agus bhí siad ag gabháil an bhóthair agus chasadh fear leo ar an mbealach agus bhí a dhá chois cam. A Mhic, ar sise, nach cam an dhá chois atá faoi an bhfear sin. Níor labhair an Mach. Nuair a tháinic an oidhche, bhí teach ann ar thaobh cnuich. Dubhairt ár slánuightheóir leí a' dul isteach san teach agus lóistín a d'fhagháil ann go maidin. Dubhairt Sé leithe cébí céard a bhí ann a fanacht ann go maidin. Mar bhí fhios ag an slánúightheóir céard a bhí róimpí. Céard a bhí ann acht fear marbh, agus é leagtha amach ar cláir chaillte. D'fhan sí annsin go maidin ag faire ar an gcorp. Ar maidin, chuaidh sí amach tar éis na h-oidhche ag faire an cuirp. Casadh an Mac leí. A Mhic, ar sise cé'n fáth gur chuir tú isteach sa teach sin aréir mé nach raibh ann acht corp leagtha amach ar chlár Romham. Bheul, ar Seisean, ar bhain tú greim as. Ó 'tuige ar Sise a mbainfinn. Narbh fhurasta greim a bhaint as ná as an bhfear a casadh ar an mbealach indé linn. Mar sin níl aon ceart ag aon duine locht d'fagháil ar grásta Dé.- Informant
- Maighread Bean Ní Seacnasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Glennascaul, Co. Galway
(no title)
“Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag siubhail ar an mbóthar gach lá.”
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag siubhail ar an mbóthar gach lá. Aon oidhche amháin nuair a bhí sé an-dorcha ní raibh(continues on next page)