School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0250
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deireann na daoine nach bhfuil luibh ar bith ag fás nach bhfuil leigheas innte.
    Cuimil an neanntóg san áit a bhfuil pianta dathacha ort trí lá indiaidh a chéile agus beidh feabhas ort. Má bhruitheann duine an neanntóg i mbainne agus é d'ól ní fhéadfaidh sé deoch níos fearr ná é d'ól i gcóír slaghdáin, anála gearr nó tinnis croidhe agus cuirfidh sé na goiríní amach má tá bhruitíneach air.
    Nuair a cheapadh daoine go raibh droch-fhuil induine bhruithfeadh siad neanntóga agus thugadh siad sugha na neanntóg dhó le n-ól le n-a chuid fola do ghlanadh.
    Dá mbeadh pian i n-a bholg ag duine ba mhaith an rd an ghairleóg d'ithe amh. Dá mbeadh súole tinne ar dhuine ba cheart dó sugh luibh 'n toiripín a chuimlt daoibh. Is maith an leigheas ar shúil tinn freisin braon leamhnachta do chuimilt dí.
    An triuch.
    Deireann na daoine go bhfuil leigheas ar an triuch san mbainne d'fhágadh an firéad i n-a dhiaidh. Tugann siad buidéal bainne chuig aon duine a bhfuil firéad aige agus tugann siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish