School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0249
  3. XML “Seantithe”
  4. XML “Seantithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gcomhnuidhe ann fós acht níl sé mar sin anois mar tá an teach sin aith-dhéanta arís.
    Rinne sé teach eile agus dubhairt sé nach bhfeicfeadh sé féin ná aon duine eile sugha ar na rataibh go deo ann agus bhí an locht sin air mar go mba ghearr gur cailleadh an fear gur leis é agus gur thuit an teach agus níor déanadh é ó shoin agus tá na sean-bhallaí le feiceáil ann fós.
    Rinne sé teach eile sul má cailleadh é agus dubhairt sé nach mbeireadh an teas ar an bhfuacht ann. Ní raibh bliadhain ó shoin ná go bráth nach ndéantar rud eicínt leis an teach sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá go leor sean-tighthe i gCathair Ghabann. Bhíodh cúinní cruinne ar na tighthibh fadó. Dubhairt mo athair liom go raibh teach i gCathair Ghabhann fadó. Nuair a théigheadh muinntir an tighe a chodladh d'fhágadh siad fataí agus bainne ar an mbord ionnus go n-íosfadh na sidheóga iad. Dá mbíodh aon ainmhidhe ag déanamh díoghbhála ar bharraibh na ndaoine sin san oidhche thagadh na sidheóga agus buaileadh siad ar an bhfuinneóig agus dhúísigheadh siad na daoine. Bhíodh simléaraí déanta d'adhmad ar na tighthe fadó. Bhíódh fidheóga aca fadó le h-aghaidh soluis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Padraig Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Ghabhann, Co. Galway