School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn go leor cineál cluichí ag na daoine thart annseo. Bíonn siad ag imirt cluichí istigh ins na tighthibh agus cluichthe eile faoi'n aer. Ní h-é an t-am céadna de'n bhliadhain a mbíónn siad dhá n-imirt. San Samhradh a imirtear an chuid is mó de na cluichthibh.
San Samhradh bíonn páirtí an bhaile le chéile i ngairdín beag agus dúnann duine aca a shúile agus téigheann chuile dhuine eile aca i n-áit sa gcaoi nach bhfeicfead an duine sin iad. Tiocfaidh an duine annsin dhá gcuartughadh agus an chéad duine a gheobhaidh sé béidh air sin a shúile a dhúnadh arís go mbíonn na daoine eile imthighthe i bhfolach arís.
Ta cluiche eile againn a bhíos na páistí dá h-imirt le chéiile ags cloch bheag ag gach duine aca. Bíonn cineál balla beag cruinn thart ar an talamh agus seasann chuile duine san áit sin agus bíonn cloch mhór tuairim is ceithre slata amach uatha. Caitheann chuile duine an chloch bheag a bhíos na láimh aige agus an duine b'fhuide ó'n gcloich, bíonn air a chloch bheag a leagaint ar an gcloich mhóir. Tagann chuile duine ag caitheamh leis an gcloich bhig sin a bhíós ar bharr na cloiche móire. Tagann chuile duine amach i gcoinne na cloiche a(continues on next page)- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na hAbhann Thuaidh, Co. Galway