Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0233
  3. XML “An Chuinneog”
  4. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá chuinneóg againn sa mbaile. Is ceann de na sean-chuinneógaibh í. Tá sí trí troighthe ar aoirde. Tá sé dhá throigh ar leiheid i n-a tóín agus troigh agus ceithre h-orlaigh ar leitheid i n-a h-uachtar.
    Déanann muid maistire ins an gcuinneóig dhá uair sa tseachtain san samhradh agus san nGeimhreadh ní dhéanann muid acht uair amháin sa tseachtain í.
    Tá dhá bhuin againn sa mbaile.
    Bíonn trí rudaí ins an gcuinneóig chun maistire a dhéanamh sin loithne agus claibín agus an clár. Caitheann muid leath-uair ag déanamh an maistire. Cuireann muid uisge te ar an maistire san nGeimhreadh mar go mbíonn an aimsear ró-the.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
  2. Tá cuinneóg againn sa mbaile. Ins gach teach beagnach, bíonn cuinneóg. Ins beagnach gach teach bíonn dhá bhuin bhainne. Shí mo mháthair a dhéanas an maistire sa mbaile. Déanann daoine cáis i n-áiteachaibh eile as an mbainne acht im a dhéantar as thart annseo. Leamhnachr (lúnacht) a tugtar ar an mbainne tar éis na bó do bhleaghan. Bláthach a bhíós fágtha san gcuinneóig tar éis maistire a dhéanamh. Tá an bhláthach go maith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.