School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Claregalway, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair

Filter stories

Back
/ 0261 Forward
Resolution: Low | High
Pisreoga

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0231

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Deireann na daoine nach ceart athrughadh isteach idteach nuadh ar aon lá acht ar an Aoine. Ní ceart an Luaithe a chaitheamh amach ar an Luan. Ní ceart aon splannc a leigint as an teach ar Lá Bealtaine.
Ní chóir teine Dhearg a leigint amach uair a bhíos maistire á dhéanamh.
Deireann daoine gur ceart splannc a chur faoin gcuinneóíg.
Duine a thagas isteach agus maistire dhá dhéanamh is ceart dó bheith ar an loithne.
Nuair a bhíos duine caillte sa teach is cóir an clog a stopadh.
Is ceart tubháille a chur ar an sgáthán nuair a bhíos duine caillte sa teach.
Ní ceart beannughadh isteach i dteach a mbeadh duine caillte ann.
Dá mbeadh duine ag dul ar an aonach agus dá gcasfaidhe bean ruadh leis ní dhíolfaidh sé.
Ní ceart do dhuine a chuid gruaige do bhearradh ar an Luan.
Is ceart ceirt dearg agus tairgne crúídh capaill a chur ar ruball na mó tar éis breithe sí.
Ní thiubhradh daoine braon bainne dhuit ar lá Bealtaine.

(continues on next page)
Language
Irish