School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí go leor sean-amhrán ag na daoine thart annseo fadó ach tá an chuid is mó aca caillte anois.”
Bhí go leor sean-amhrán ag na daoine thart annseo fadó ach tá an chuid is mó aca caillte anois. Déanadh na filí go leor amhrán ag moladh nó ag cáineadh áite nó daoine. Níl aon fhile san áit seo anois, acht bhíodh go leor filí ann fadó. Bhíodh na filí ag dul ó áit go h-áit agus bhíodh siad ag déanamh amhrán do na daoinibh. D'íocadh cuid de na daoinibh na filí agus ní íocadh cuid eile iad. Annsin déanadh siad amhrán ag cáineadh na ndaoine nach dtugadh aon airgead dóíbh agus do mholadh siad na daoine a tugadh airgead dóibh.
Seo ceathramha d'amhrán atá ag na daoine thart annseo:-
A Dhia atá ins na Flaithis cuir chugainn éan
Is fo mbéidh a fhiacla chomh géar le scéin
le na lámha a bhaint de na "Black and Tans"
A mharbhuigh ár dtaoisigh tréin.
Seo ceann eile:-
Tháinig mé isteach go teach na caillighe aréir
Bhí súíl agam go bhfuighinn leabadh
Acht chaith an cailleach amach mé le casadh an tsúgáin
Acht dá mbéinn istigh arís ní thiocfainn amach go réidh.- Collector
- Seaghán Ó Fathaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Laighdeacán, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó Fathaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male