School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0221
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    pósadh agus dubhairt sí go bpósadh sí é. Bhí go leor airgid aice agus chuaidh siad ag an séipéal agus pósadh iad. Nuair a bhí siad ag dul abhaile d'iarr sé airgead uirthe agus thug sí dhó é agus d'imthigh sé leis agus níór fhachtas uaidh sin amach é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Pósadh mo athair san tráthnóna acht ní sa gceanntar seo. Nuair a bhíos duine le pósadh téigheann sé féin agus duine eile le buidéal uisge beatha go dtí teach na mná agus déanaidís féasta agus iarrann siad ar mhuinntir an tighe an bhean a thabhairt dóibh. Má bhíónn siad sásta an bhean a thabhairt dó mar chéile socruigheann siad an cheist i dtaobh na spré agus na bainise agus caithfidh athair na mná airgead an pósta a thabhairt do'n tsagart. Cúpla lá i n-a dhiaidh sin póstar an bheirt agus tar éis an phósta déanann siad bainis. Tugaid cuireadh do mhuinntir na mná agus do mhuinntir an fhir agus do na comharsannaibh. Bíonn ceol agus damhsadh agus amhráin aca agus a sáith le n-ithe agus le n-ól aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghán Ó hAodha
    Gender
    Male
    Address
    Baile Chláir, Co. Galway