School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Póstar daoine thart annseo chuile am de'n bhliadhain acht san gCarrghas anois acht ba san Inid a bpóstaidhe iad fadó.
Ní h-é an t-am céadna de'n ló a bpósann daoine anseo agus i n-áiteachaibh eile. Pósann na daoine ar maidin san bparráiste seo acht ins an gcéad parráiste eile is i lár an lae nó san tráthnóna a pósann siad. Pósann daoine ins na séipéil anois acht fadó is ins na tighthe a pósadh iad. Is cuimhneach lem' mháthair Márt Inide a pósadh triúr fear agus triúr ban. Nuair a bhíos daoine ag brath ar phósadh déantar cleamhnas. Nuair a théigheas daoine ag iarraidh mná tugann siad buidéal uisge beatha leo chn muinntir na mná a chur ar meisge ionnus go mbeadh siad sásta an bhean a thabhairt dóibh agus spré maith léithe.
An oidhche tar éis a bpósta bíónn bainis idteach an fhir agus mí i n-a dhiaidh sin bíónn cuairt-míosa idteach na mná.
Fadó bhíodh go leor carr agus cóiste ar an gcóisire. Is cuimhneach le mo mháthair nuair a bhíódh sí ag bainis go mbíod triocha trapanna ann. Uair amháin bhí fear siubhail ag dul thart agus casadh bean air agus d'iarr sé uirthe é a(continues on next page)- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Female
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway