School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Sionnach
Tá go leor ainmhidhthe Allta thart orm. Ta go leor sionnach, broc, girrfhiadhtha, coiníní, easóga agus firéad.
Chonnaic mé sionnach go minic. Comhnuigheann sé i mbruchais faoi an talamh. Bíonn leaba aige agus bíonn sé déanta de raithne. Marbhuigheann sé coinníní le nithe. Nuair a bhíos ocras mór air goideann sé cearca agus lochain ó na feilméaraibh. Tá go leor sgéaltaí ag baint leis an sionnach agus an gcaoi ar imir sé a cuid cleasanna.
An Broc
Chonaic me an broc go minic. Tá sé timcheall is chomh mór leis an sionnach. Comhnuigheann sé i sgailp clochach. Bíonn leaba aige agus bíonn sé déana de sean-fhéar. Marbhuigheann se coiníním cearca agus éanacha beag le n-ithe.
An Girrfhiadh
Chonnaic mé an girrfhiadh go minic. Tá sé níos mó ná an coinín. Dath dhonn a bhíos orra. Comhnuigheann sé ar an móin agus ar na ceagrachaibh. Bíonn nead aige ins an bhféar fada nó i dtom dirseacha/ Itheann sé slochtán agus clóbhar. Bíonn daoine gá bhfiadhach le conaibh agus bíonn spóirt mór aca.(continues on next page)