School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fataibh san Earrach mar leasughadh muna mbíonn a sáith aoiligh aca. Ceannuigheann siad an fheamann i n-Orán Mór nó i nGaillimh.
Is le céachtaibh a bhaineas na daoine na fataí thart annseo. Oscailigheann duine na drilleanna le céacht agus annsin tagann daoine ar an nglúnaibh dá gcrúbáil, sé sin - ag piocadh na bhfataí as an gcréafóig le na lámhaibh agus dá gcaitheamh ar leath-taoibh. Tagann daoine eile agus cárr aca agus piocann siad na fataí maithe agus cuireann siad isteach i bpoll iad. Cuirtear tuighe nó raithneach ar na fataibh ins an bpoll agus cuirtear créafóg os a chionn leis an mbáisteach agus an sioc a choingbheáil ó na fataibh. Baineann cuid de na daoine scraitheacha ar an móin agus cuireann siad ar an bpoll fataí iad. Tugtar na fataí beaga do na mucaibh agus do na cearcaibh. In aimsir baint na bhfataí tagann na spailpíní - daoine as Conamara - thart annseo agus bíonn beirt nó triúr aca ag obair do ghach fheilméar ar feadh seachmhaine nó coicthighise. Bíonn siad ag dul thart ó dhuine go duine go mbíonn na fataí ar fad bainte.- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
- Collector
- Maoilsheachlainn Ó Nuadhain
- Gender
- Male
- Address
- Droim na Gaoithe, Co. Galway