School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0203
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá feil talmhan ag m'athair. Tá go leor ainmhidhthe aige ar an bhfeilm. Tá dhá chapall againn, gearrán agus láir. Bíonn searrach ag an láir gach bliadhain agus nuair a bhíos an searrach bliadhain go leith múíntear í le obair a dhéanamh. Beathuightear na capaill amuigh ar an bhféar glas sa Samhradh acht coinnightear iad istigh san stábla ar feadh an gheimhridh. Itheann an capall féar, coircem turnaipí meacna agus tuighe.
    An Bó.
    Tá dhá bhó bhainne againn sa mbaile. Bíonn laogh ag na beithidhigh uair sa bhliadhain, Beathuightear an laogh le bainne feadh ceithre mí. Bleaightear an bhó da uair sa ló ar maidin agus sa tráthnóna. Dá mbeadh laogh budóg ag an mbó tiubhrfaidhe go leor aire dí le súil go mbeadh sí ina bhó maith. Itheann an bhíó féar turnapaí meachna agus tuighe.
    An Chaora.
    Tá go leor caorach againn. Beathuightear na caoirigh san Samhradh leis an bhféar glas agus beathuigheatear iad ar feadh an geimhreadh le féar tirm, coirce agus turnaipí. Tugtar muilt ar caoirigh fearthainn nuair a bhíos sí reamhar.
    Tá seacht gcin de beithidhigh againn. Tugtar beidhithigh seasca ar bhuidhógaibh nach mbíonn aon laog aca. Beathuightear na beidhithigh sin le féar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish