School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0197
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dheasughadh. Tá gréasuidhe i n-a chomhnuidhe in-aice le mo theach-sa. Tá go leór uirlisí aige. Tá ceap agus casúir agus meanaithe agus ruadhóg aige. Bíónn táirgní móra agus áirgní beaga aige. Tá sé i n-ann bairibín agus taoibhín agus tosaigh a chur ar bhrógaibh. Bíonn sgian ghéar aige freisin leis an leathar a ghearradh. Na daoine i n-Árainn caitheann siad bróga beaga a dhéanas siad féin as craicnibh beithidheach.
- Ní chuireadh na daoine bróga ortha fado go mbíodh siad ocht mbliadhna d'aois. Mo shean-athair níor chaith sé aon bhróg ariamh. Fadó ní raibh aon mheas ag na daoinibh ar na brógaibh a díoltaí ins na siopaibh. Téigheadh na daoine chuig an ngréasuidhe chun péidhre mhaith bhróg d'fhagháil. Bíonn "corns" ar chosaibh na ndaoine thart annseo. Tá uisge na móna go maith lena n-aghaidh. An t-uisge a bhíos san bpota tar éis na bhfataí a bhruith tá sé go maith dá mbeadh sgoilteacha ortha. Bhíodh craiceann gabhair ar a chosaibh ag m'athair fadó nuair a bhí sé beag.
- Collector
- Liam Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway