School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. An t-aer dearg thiar is comhartha uaire breágh é.
2. Nuair a bhíos na fainnleóga ag eiteall íseal le talamh is comhartha droch-uaire é.
3. Nuair a bhíos torann ag an ngaoith ag an doras ó dheas is comhartha droch-uaire é.
4. Nuair a thagas na peilibíní i n-aice na dtighthe is comhartha uaire dona é.
5. Nuair a bhíos na crotaigh ag feadghail agus go leor aca i n-aice a chéile is comhartha droch-uaire é.
6. Nuair a bhíos an cat i naice na teine is comhartha droch-uaire é.
7. Nuair a bhíos dath gorm ar an luaithe agus ar an ngriosaigh is comhartha droch-uaire é.
8. Má thagann ceo i n-aimsir sean-ghealaighe is comhartha droch-uaire é.
9. Nuair a bhíos míoltóga géara amuigh san tráthnóna is comhartha uaire dona é.
10. Nuair a bhíos na h-éirg ag léimneach san abhainn is comhartha uaire dona é.
11. Nuair a bhíos an traen le cloisteáil is comhartha báistighe é.
12. Nuair a bhíos rud cruinn thart ar an ngealaigh deireann na daoine go mbíonn báisteach air.
13. Nuair a bhíos an Caitlín Fhada ag imtheacht gar do'n talamh agus í ag sgreadach deireann na(continues on next page)- Collector
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway
- Collector
- Liam Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway