School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0190
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Mo Cheantar Féin
“Micheál Mac Goill is ainm dom. Tá mé in mo chomhnuidhe i gCreig Bhuidhe.”
Micheál Mac Goill is ainm dom. Tá mé in mo chomhnuidhe i gCreig Bhuidhe. Tá trí cinn de thighthe nuadha ann agus tá slinn ortha. Tá fiche agus a trí de shean thighthe ann. Tá go leór creaga móra ann agus siad na hainmneacha atá ortha. Coillmhór, Creig Dhála, Creig na gcoiníní agus Creig na nasal. Sin é an fáth ar thug siad Ceig Bhuidhe mar ainm ar an áit. Tá ceathrar sean duine ina gcomhnuaidhe i gCreig Bhuidhe. Tá sgéalta Gaedhilge agus amhráin aca. Tá feilm talmhan ann agus balla móra dúbalta thart uirthe, Rinneadh é sa mbliadhain 1847. Tá uain faoi an talamh ar an bhfeilm. Thug mo athair siar mé go bhfeicinn é.(continues on next page)- Collector
- Micheál Mac Goill
- Gender
- Male
- Address
- An Chreig Bhuí, Co. Galway
- (continued from previous page)aca. Bhí dúthaigh Sheoighe aca agus Currach Mhór agus Baile Chláir. D'imthigh siad as an teach sa mbhliadhain 1812. Chuadhar go Cailseán Mionlaigh. Se an fáth ar tugadh an t-ainm sin Cathair Gamhann air mar geall ar gamhainn iongantach thairbh a bhí aca agus dhéanadh balla mora thart ar an áit a raibh siad dhá coinneál.
Fláithbheartaigh an sloinne is coitchiannta ann anois. Sé an t-ainm a bhí ar shagart a bhí ina comhnaidhe ann. An t-Athair Maoilsheachlann Ó Mainnín.
Bhí céirt maithe ann fadó. Bhí seacht gcinn de sheolta ann agus bhí sé cinn ar an gClochar.