School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo cuid de na h-ainmneacha atá thartTobar Mháire. Sin é an t-ainm a tugadh ar an tobar mar go mba le duine darbh ainm Máire an tobar. Is i gcluain atá sé.
Tobar buidhe. Sin tobar eile atá in-aice le mo theachsa. Is tobar beag é a mbíonn uisge ann i gcomhnuidhe.
An Crocán. Sé sin an t-ainm a tugtar air mar tá an talamh árd ann har an talamh eile.
Tobar Mhuire. Is tobar beannuighthe an tobar sin. Is i gClochar atá sé.
Coill na gCoiníní. Sin é an t-ainm a tugadh ar an gcoill mar go mbíonn go leor coiníní ann.
Gort na claise. Sin ainm atá ar pháirc a raibh clais ina mbíodh siad ag baint gainmhe ann.
An gort fada. Tá an t-ainm air ar tá sé an-fhada.
Páirc Mhicil Móir. Tá an tainm sin air mar bhí teach ag fear darbh ainm Micheál Mór sa bpáirc sin.
An Gort treasna. Tugtar an t-ainm sin air mar tá sé treasna ar an gcuid eile de na páirceanna.
Tobar an tuim. Tá an tainm sin air mar tá tom go dtí an tobar.
An t-oileán. Tugtar an t-ainm sin air mar bhíonn(continues on next page)