School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0160
  3. XML “Seanphaidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhíodh daoine ag dul go Gaillimh fadó bhíodh na sean-daoine ag rádh "Go gcumhduigh Dia in do bhóthar agus in do bhealach thú."
    Nuair a bhíodh droch-ócáid ar bith ann deireadh duine "Go sabháilidh Dia mé is go dtiubhraidh Sé slán har an ócáid seo mé."
    Deireann na daoine an paidir seo nuair a bhíodh siad ag coigilt na teine.
    "Coiglighim an teine seo mar coigligheas Críost cás Brighid i dtóin a' tighe agus Muire 'n-a lár
    An dá aspol déag is aoirde i gCathair na nGrást ag cumhdach an tighe seo is a bhfuil ann go lá".
    Deireann cuid de na daoine an phaidir seo nuair a bhíos siad ag dul a chodladh:-
    "Cuimhnigheann anam ort a Thighearna Dia deas lámh Mhuire agus bain-tighearna na trí haingle is cumhachtaighe i bhFlaitheamhnais Dé ag faire agus ag gárdáil m'anma. Amen.
    "Beannuighim dhuit a lucht na sgaball
    Ceithre cosa ar mo leabaidh
    Ceithre aingeal ortha sgartha
    Má gheibhim bás ar seo go maidin
    i bhFlaitheas Dé go bhfuightear m'anam" a deireas na daoine ag dul a chodladh dóibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish